Is í Isla Conlon ó Scoil San Treasa an príomhbhuaiteoir ar Chomórtas Scríbhneoireachta na mBunscoileanna de chuid An Post. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a chuir iarratas isteach, thaitin na litreacha agus na pictiúirí spreagúla ar fad go mór linn. Feicfidh muid sibh an bhliain seo chugainn!
Díríodh sa chomórtas scríbhneoireachta
‘Éire níos Sona agus níos Folláine - 2030’ ar an inbhuanaitheacht agus conas is féidir linn go léir a bheith páirteach in athruithe dearfa don todhchaí. D’iarramar ar dhaltaí litir a scríobh le hinsint dúinn conas a dhéanfaidís áit chónaithe níos sona agus níos folláine d'Éirinn. Is féidir na hacmhainní seo a oiriúnú do dhaltaí de gach leibhéal agus aoisghrúpa, ó na Naíonáin Shóisearacha go Rang 6.